Events

ABOUT AN FEAR SIÚIL

Is beag an domhan é seo ach is mór an scéal. Bíonn an Fear Siúil i gcónaí ag siúl. Brostaíonn sé ó seo go siúd, gan suaimhneas gan scíth, gan stopadh gan sos. Oibríonn sé go dian mar a athair roimhe i dtreo an úrláir is airde san fhoirgneamh is mó sa chathair ar fad. Ach, lá amháin, dúisíonn an Fear Siúil agus tá mothú aisteach ann istigh. Imíonn sé ar thuras nua, i bhfad ón mbealach abhaile, ar thóir rud éigean nach dtuigeann sé go fóill ... Léiriú mealltach meafarach ar chroí an duine é seo. Le ceol nua-chumtha beo, téimid ar thuras leis an aisteoir go dtí domhan an fhir shiúil.

An Fear Siúil le Jody O'Neill

leagan Gaeilge le Síle Ní Bhroin

 Is beag an domhan é seo ach is mór an scéal.

 

Bíonn an Fear Siúil i gcónaí ag siúl. Brostaíonn sé ó seo go siúd, gan suaimhneas gan scíth, gan stopadh gan sos. Oibríonn sé go dian mar a athair roimhe i dtreo an úrláir is airde san fhoirgneamh is mó sa chathair ar fad. Ach, lá amháin, dúisíonn an Fear Siúil agus tá mothú aisteach ann istigh. Imíonn sé ar thuras nua, i bhfad ón mbealach abhaile, ar thóir rud éigean nach dtuigeann sé go fóill ...

Léiriú mealltach meafarach ar chroí an duine é seo. Le ceol nua-chumtha beo, téimid ar thuras leis an aisteoir go dtí domhan an fhir shiúil.

 

An Clár: Dírithe ar pháistí Rang a 2, 3 & 4, is féidir An Fear Siúil a léiriú do rang amháin ag an am (uasmhéid 35 páiste). Beidh Leabhar Acmhainne (ar líne) ag gach múinteoir a dhéanann nascanna cúramacha agus spreagúla leis an gcuraclam thar réimse leathan ábhar. Beidh cómhrá i ndiaidh gach léiriú a cheanglaíonn an léiriú le taithí na bpáistí féin.

 

Aidhmeanna an chláir:

·      Féachaint ar chineáltacht agus ar chomhbhá

·      Scileanna éisteachta agus féachana a fhorbairt

·      Aireachas agus cothramaíocht a chothú

·      Plé a dhéanamh ar an duine sa tsochaí

·      Sugradh le scáthanna!

 

Costas an chláir:  Buíochas le maoiniú Graffiti, Foras na Gaeilge agus Comhairle Chorcaí, tá costas íseal ar an léiriú

In Amharclann Graffiti: €150, agus €100 don dara léiriú ar an lá céanna

I Halla na Scoile: €170, agus €120 don dara léiriú ar an lá céanna

 

Dátaí: Feabhra/Márta 2018 i scoileanna. Léiriú poiblí in Amharclann Graffiti 10 Márta 2.00 i.n., Ticéid €6 

 

Eolas breise/cur in áirithint: 021 4397111 nó bookings@graffiti.ie


Le tacaíocht ó: Foras na Gaeilge, Comhairle Chorcaí, An Chomhairle Ealaíon

 


  • DATES

  • Mon, Feb 26 | 10:00
    Tue, Feb 27 | 10:00
    Wed, Feb 28 | 10:00
    Thu, Mar 01 | 10:00
    Fri, Mar 02 | 10:00
    Sat, Mar 03 | 10:00
    Mon, Mar 05 | 10:00
    Tue, Mar 06 | 10:00
    Wed, Mar 07 | 10:00
    Thu, Mar 08 | 10:00
    Fri, Mar 09 | 10:00
    Sat, Mar 10 | 10:00
    Mon, Mar 12 | 10:00
    Tue, Mar 13 | 10:00
    Wed, Mar 14 | 10:00
    Thu, Mar 15 | 10:00
    Fri, Mar 16 | 10:00